Comhar

Comhar

Share

Is iris mhíosúil í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha agus a lán eile nach iad. RCN: 20011390

Comhar – Lón Intinne

Is iris mhíosúil í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha agus a lán eile nach iad. Is iad lucht na heagraíochta idir-ollscoile, An Comhchaidreamh, a bhunaigh an iris sa bhliain 1942 agus tá scoth scríbhneoireachta na Gaeilge ar fáil inti ó shin i leith. Is dream idirnáisiúnta iad léitheoirí Comhar agus seoltar eagráin na hirise chuig An Astráil, Meiriceá, An Ghear

17/06/2026

📚Tá Inis Mara 3 anseo!🏝️

Tagaigí linn ar eachtra eile leis an laoch óg Éabha agus í ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar naimhde gránna Inis Mara an athuair. Tá an Santóir agus Smugairle Rónán ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara - agus an t-oileán féin - a íocfaidh go daor as.

Join us on another adventure with our young hero Éabha as she battles once again with Inis Mara's worst enemies. An Santóir and Smugairle Rónán are back with a plan to get richer than they ever imagined. But the damage they cause will put the people of Inis Mara - and the island itself - in huge danger.

🛒https://comhar.ie/leabhair/inis-mara-3/

Léifidh Tristan Rosenstock ón leabhar nua i Leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire ag a 6.30pm Dé Luain 29 Meitheamh 2026. Fáilte roimh chách!

Tristan Rosenstock will read from Inis Mara 3 at the Lexicon Library in Dún Laoghaire at 6.30pm, on Monday 29th June. All welcome!

✍️Tristan Rosenstock
🎨Mark Wickham

Photos from Comhar's post 15/06/2026

💫 Súil siar ar an tsraith COMHAR-RÁ 2026

Míle buíochas leis na húdair 🖊️ a ghlac páirt agus a thug lón machnaimh dúinn go léir, leis na hionaid 🏠 a chuir fáilte mhór romhainn, agus leis an lucht freastail 🗣️ a chuir go mór leis an atmaisféar agus leis an bplé faoi scríbhneoireacht na Gaeilge. 💞

🙏 Táimid an-bhuíoch de The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon as tacaíocht a thabhairt don tsraith agus de Tristan Rosenstock as na himeachtaí a chomhordú mar aon le feidhmiú mar fhear an tí agus muid ar camchuairt! 🎤

Léargas ar shaol na dteifeach i scéal taitneamhach lán aicsin do pháistí 04/06/2026

Buíochas le tuairisc.ie don léirmheas álainn ar an leabhar do léitheoirí óga, Bilal agus Cócó, scríofa ag Áine Uí Fhoghlú agus maisithe ag Serena Scully

https://tuairisc.ie/sceal-taitneamhach-lan-aicsin-do-phaisti-a-thabharfaidh-leargas-doibh-ar-shaol-na-dteifeach/

Léargas ar shaol na dteifeach i scéal taitneamhach lán aicsin do pháistí Is cinnte go gcuirfidh ‘Bilal agus Cócó’ le hÁine Uí Fhoghlú le tuiscint an léitheora ar shaol na dteifeach in Éirinn agus ar na cosúlachtaí atá idir muintir na Palaistíne agus muintir na hÉireann

03/06/2026

📕Móreagrán mhí an Mheithimh ar fáil anois. Ag ceiliúradh 50 bliain ó chéadfhoilsíodh an leabhar ceannródaíoch 'Lig Sinn i gCathú' le Breandán Ó hEithir 📖

🔗https://comhar.ie/leabhair/iris-comhar-meitheamh-2026/

18/05/2026

🥁LEABHAR ÚRNUA/BRAND NEW BOOK🔥

🐝Ag teacht Meitheamh 2026
Arriving June 2026🏝️

💓Seo chugaibh Inis Mara 3, an tríú leabhar sa tsraith móréilimh Inis Mara le Tristan Rosenstock, maisithe ag Mark WIckham.

Tá naimhde gránna Inis Mara, an Santóir agus Smugairle Rónán, ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara - agus an t-oileán féin - a íocfaidh go daor as. Cuireann an damáiste a chruthaíonn siad saol an oileáin i gcruachás uafásach. Buaileann stoirmeacha láidre an t-oileán níos minice agus níos fíochmhaire mar thoradh ar an athrú aeráide. Agus nuair a thagann laghdú ar líon na mbeach ar an oileán de bharr phleananna na mbithiúnach, is i bhfad in olcas a théann an scéal.

Ní raibh muintir Inis Mara i mbaol chomh huafásach go dtí seo - ach ar sheachain a laoch óg Éabha dúshlán riamh?

🛒Réamhordaigh anois: https://comhar.ie/leabhair/inis-mara-3/

💓Introducing Inis Mara 3, the third book in the popular Inis Mara series written by Tristan Rosenstock, illustrated by Mark Wickham.

Inis Mara's worst enemies, an Santóir and Smugairle Rónán, are back with a plan to get richer than they ever imagined. But the damage they cause will put the people of Inis Mara - and the island itself - in huge danger. Storms begin to pound the island with increased frequency and strength as a result of climate change. And when a new addition to Inis Mara causes a decline in the bee population, a devastating chain of events unfolds.

The people of Inis Mara face their greatest threat yet - but has their young hero Éabha ever avoided a challenge?

🛒Pre-order now: https://comhar.ie/leabhair/inis-mara-3/

Foras na Gaeilge
Love Leabhar Gaeilge
The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon

COGG
Publishing Ireland
Children's Books Ireland

07/05/2026

📄Móreagrán mhí na Bealtaine ar fáil anois. Ag ceiliúradh 'An Gúm @ 100' 🎉

🔗 https://comhar.ie/leabhair/iris-comhar-bealtaine-2026/

Photos from Comhar's post 07/05/2026

Buíochas ó chroí le Leabharlann Dhún Garbháin a chuir fáilte mhór romhainn agus leabhar nua Áine Uí Fhoghlú, Bilal agus Cócó, á cheiliúradh againn. Agus ár mbuíochas leis an lucht éisteachta a bhí i láthair, scoileanna áitiúla ina measc - scríbhneoirí an todhchaí!

https://comhar.ie/leabhair/bilal-agus-coco/
Waterford City and County Council

01/05/2026
Photos from Comhar's post 27/04/2026

Cuireadh fáilte mhór romhainn i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus clabhsúr á chur againn leis na himeachtaí COMHAR-RÁ beo do 2026.

Buíochas ó chroí le Réaltán Ní Leannáin agus le Róise Ní Bhaoill as an bplé spreagúil, agus leis an lucht freastail a tháinig amach ar thráthnóna álainn earraigh ☀️

09/04/2026

🚗 Beidh an ócáid dheiridh sa tsraith COMHAR-RÁ 2026 ar siúl Dé Sathairn, an 25 Aibreán i mBéal Feirste.

🗣️Déanfaidh Réaltán Ní Leannáin & Róise Ní Bhaoill comhrá i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 1.00pm.

🎟️Ticéidí saor in aisce ar fáil ag https://www.ticketsource.com/comhar

The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon

Want your business to be the top-listed Media Company in Dublin?
Click here to claim your Sponsored Listing.

Category

Address


47 Harrington Street
Dublin